logo
Home > Our Services > Your Council > Council News

AITHINT UISCÍ SNÁMHA FAOIN TREOIR UM UISCÍ SNÁMHA

RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL: AITHINT UISCÍ SNÁMHA FAOIn tREOIR um UISCÍ SNÁMHA 2006/7 CE AN 15 FEABHRA 2006 AGUS NA RIALACHÁIN maidir le CÁILÍOCHT UISCE SNÁMHA IR 79 DE 2008

Tá 3 Uisce Snámha ainmnithe ag an Iarmhí faoi láthair:

  • Port na Seangán (Loch Uail)
  • An Gearradh (Loch Léinn)
  • An tIúr (Loch Ainninn)

 Faoin Treoir um Uiscí Snámha agus na Rialacháin maidir le Cáilíocht Uisce Snámha 2008 (IR Uimh. 79 de 2008), ní mór d’Údaráis Áitiúla limistéir snámha oifigiúla ina gceantar a aithint gach bliain ionas gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu lena chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin dhiana maidir le cáilíocht uisce micribhitheolaíoch. Chun cabhrú leis an bpróiseas seo, tá Comhairle Contae na hIarmhí ag iarraidh ar dhaoine a shnámhann i lochanna agus in aibhneacha go n-inseoidh siad dóibh an gceapann siad gur cheart dóibh ainmniúcháin na n-uiscí snámha ainmnithe atá ann cheana a choinneáil nó ainmniú nua oifigiúil a thabhairt do limistéar  a úsáidtear go coitianta don snámh, ach nach bhfuil sainaitheanta faoi láthair.

Ceanglaítear ar Chomhairle Contae na hIarmhí freisin tuairiscí nó próifílí mionsonraithe a ullmhú do gach ceann de na láithreáin uisce snámha atá sainaitheanta, ina ndéantar cur síos ní hamháin ar an limistéar snámha ach freisin ar limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear sna próifílí measúnú ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtarlódh truailliú.

Más snámhóir rialta thú agus más mian leat cabhrú le Comhairle Contae na hIarmhí cinneadh a dhéanamh faoi na limistéir snámha ba chóir a aicmiú mar sin, b’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú na nithe seo a leanas a mheas:

  • An chaoi ar úsáideadh do limistéar snámha go dtí seo;
  • Cé mhéad duine a úsáideann an láthair;
  • Cad iad na háiseanna atá ar an láthair agus cé chomh hinrochtana is atá sé;
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta.

Ba chóir duit tagairt a dhéanamh don doiciméad Comhairle Phoiblí ón EPA maidir le hUiscí Snámha nua a shainaithint, sula ndéanann tú d’aighneacht. Ní mór iarratais ar limistéar snámha nua a shainaithint, a chur isteach ar Fhoirm Iarscríbhinn 1 - Iarratas ar limistéar snámha nua a shainaithint, atá le fáil sa doiciméad ón EPA. Féach an nasc seo a leanas.

EPA Public advice

Más mian leat an loch/abhainn is fearr leat a mholadh mar láthair snámha nua nó más mian leat láthair atá ann cheana féin a phlé, seol ríomhphost chuig westmeathbathingwaters@westmeathcoco.ie nó seol cóip chrua chuig:

Innealtóir Sinsearach,
Comhshaol agus Aeráid,
Comhairle Contae na hIarmhí
Áras an Chontae,
Sr Mount, An Muileann gCearr,
Co na hIarmhí,
N91 FH4N.

Is é an 25 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí a chur isteach chuig Comhairle Contae na hIarmhí.

 

Content Last Updated/Reviewed: 05/06/2026